Languages

Forógra

Fáilte go dtí spás coitianta le haghaidh smaointe, eolas, mothúcáin a roinnt.

Le Jeune Europe, níos mó ná ainm atá i geist. Is solas fann é, cosán a leanamaid ón stair Eorpach, an 21ú haois, a bhí lán le hathruithe agus míshocracht. Ba ghrúpa d’intleachtóirí ó thíortha Eorpacha éagsúla é “La Jeune Europe”, a tógadh ar idéil Giuseppe Mazzini le cuspóir domhain: “Le chéile a dhéanaimid Eoraip na ndaoine”.

Is é an comhroinnt idir daoine as tíortha agus réimsí staidéir éagsúla spiorad dár dtionscadal agus tá an dul chun cinn iomlánaíoch trí mhalartú mar aidhm againn. Céad bliain ón gCéad Chogadh Domhanda a cuireadh fír óige na hEorpa i gcoinne a chéile, agus tríocha bliain ó rugadh an tionscadal Erasmus a chruthaigh naisc nua idir daoine óga Eorpacha, sa lá atá inniu ann tá deis againn Eoraip a fhorbairt trí chomhtháthú iomlán chun teach solais a dhéanamh as don domhan ar fad.

Faoi láthair, tá an plé faoi theorainneacha agus meascán mearaí cultúrtha reatha agus riachtanach. Bhuail muid le chéile, daoine as thíortha éagsúla timpeall an domhain, in áit amháin Eorpach, ach cheadaítear an teicneolaíocht níos mó a dhéanamh, trí eolais, ranníocaíochtaí agus luachanna a roinnt, chun Eoraip níos mó agus níos láidre a chruthú, trí dul chun cinn pearsanta agus coiteann. Mar sin, tá deis ag chuile cuairteoir a chuid eolais a roinnt le trí dul i dteagmháil leis na húdair. Toisc gurb é ardchaighdeán na hábhair éagsúla an tréith lárnach don bhlag seo, beidh athbhreithniú déannta ar na halt roimh foilseachán.

Toisc gurb é an aidhm atá ag an mblag ná tairbhe a bhaint as an malairt, labhraíonn an blag de chuile cineál topaic agus tá suil againn go mbeadh chuile alt ina thúsphointe díospóireachta, chun eolas agus tuairimí nua a chruthú agus a fheabsú trí idirphlé. Tá béim faoi leith ar shaincheisteanna Eorpacha. Dá bhrí sin, chun dearcadh na hEorpa ó lasmuigh a fháil, is gné thábhachtach í don bhlag ranníocaíochtaí ó thíortha taobh amuigh den Eoraip.

Mar ghlúin nua beidh orainn aghaidh a thabhairt ar dhúshláin go gcuireann an todhchaí i gcion orainn. Tá roinnt cosáin réitigh, cosúil leis an síocháin a chur chun cinn san Eoraip, tosaithe cheanna féin agus is orainne an dul chun cinn atá déanta a chosaint; braitheann roinnt eile, cosúil leis an athrú aeráide, go huile is go hiomláin orainn.

Is bealach é “Jeune Europe” chun aithne níos fearr a chur ar a chéile mar mhuintir na hEorpa, chuin fás le chéile, chun an fad eadrainn a laghdú, chun taispeáint don domhan cé muid agus cad is féidir muid déanamh ar son todhchaí an domhain.

Is í an fhreagracht atá orainn ná go gcaithfimid an chuid is fearr a fhoghlaim ónár stair, agus ár ndícheall a dhéanamh leis an saol atá innui ann, chun todhchaí níos fearr a chruthú.

Is féidir linn, mar Eoraipigh, é a dhéanamh.

 

 Translated by Séafra Ó Faoláin

Facebook
Twitter
LinkedIn
WhatsApp
Email
 © Jeuneurope 2022
 © Jeuneurope 2022

Headline

Never Miss A Story

Get our Weekly recap with the latest news, articles and resources.
Cookie policy
We use our own and third party cookies to allow us to understand how the site is used and to support our marketing campaigns.

Hot daily news right into your inbox.